Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Gearóid Ó Coindealbháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Scoileanna.
Timcheall míle ó'n scoil seo gairid do'n uachtarlann do bhí sean-scoil suidhthe. Timcheall seactó-cúig bliadhna ó shoin a bhí sé ann. Ins an lochta i dtigh an gabha sé sin, Micheul Conchubhair, a bhíodh an muinteóir ag muineadh. Do díoladh sí as an tigh dó'n ngabha. Gach oidhche do bhíodh sí 'na codladh ann. Ar an mbóthar atá an tigh suidhte.
Maighistréas do b'ea an muinteóir. B'é Riain an ainm a bhí uirthi. Ó Cluain Meala a tháinig sí. Timcheall fiche bliadhna a thug si ann. An faid do bhí sí ag muineadh ann do bhíodh triocha no ceathracha sa rolla aici. Thugadh gach scoláire cupla sgilling sa ceathramhadh agus is minic b'eigin do na cailíní uibhe agus brosna do tabhairt dí. Is iongantach comh crósta agus do bíodh sí mura dtabharfadh na scoláiri cuichí gach rud a bhíodh uaithi. Do bhíodh na buachaillí ann an-fhian agus is iongantach iad na cleasa a bídís ag imirt uirthi. Fuair sí bás sa tigh. Sar a tháinig sí ann do bhí an áit na barraic. Ní raibh mórán leabhair acu agus is amhlaidh a bídís ag scriobhadh ar slinnte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Teidhirs
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seumas Ó hAnnracáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge