Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Gearóid Ó Coindealbháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín bocht ag siúl an bóthair oíche dorcha. Ní raibh bróg ná stoca ar cois léi agus bhí an droch bóthair ag gabháil go cnámh trí na bonnaibh. Ní raibh aon áit aici chun dul isteach chun an oíche do caitheamh agus bhí an t-áindiseóir i gcruachás. Thárla go raibh Ár Slánathóir ar an mbóthair céanna agus do bhuail sé léi. Ghlach sé truagh don chailín bocht agus dúirt léi dul go dtí tigh a bhí cóngarach di agus go fan istigh ann ó spéir na h-oíche. Chuaidh sí ann agus ligeadh isteach í. Ní raibh istigh roimpi ach fear. D'fhan sí ann go maidin agus bhí sí chun cur di ach d'iarr an fear uirthi fuireach na fhochair agus go bpósfadh sé í. D'fhan sí agus pósadh iad. D'éirigh go maith leo. Bhí 'lán an mhála' acu agus an saol ar a d'toil acu.
Lá áirithe bhí an bean nua pósta ag cur cruithneachtan í málaibh le h-ais an doras agus tháinigh Ár Slánathóir cúichi i gcló duine bocht. D'iarr sé deire den cruithneachtain uirthi. Do labhair sí go searbhásach leis agus ar sise "Ná déanfadh cúpla prátaí an gnó duit?" agus dúirt sí lena fear iad do thabhairt dó. Níor fhan sé leo ach thóg sé cúpla gráinne den cruithneachtain agus d'imigh leis. Nuair d'fhéach an bean ar na málaí bhíodar folamh. Ní raibh gráinne ionnta. D'aithin sí cé bhí ann ansan agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Teidhirs
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair na Léige, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair na Léige, Co. Phort Láirge