Scoil: An Chill, Dúngarbhán (uimhir rolla 630 or 16748)
- Suíomh:
- An Chill, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Breathnach
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0650, Leathanach 113](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0650%2FCBES_0650_113.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0650, Leathanach 113
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Droch sean-bhean a bhí ann fadó ab ea Petticoat Loose. Peatach mór be ea í agus dhein Dia í a dhaoradh nuair fuair sí bás. Chuir sí trí páiste ná raibh baistithe chun báis agus go leor daoine eile. Sheasuigh a sprid i lár an bóthar gach oíche agus cuireadh sí chun báis éinne ná déanfadh rann di. Is mó duine fuair bás mar sin. Casadh fear léi oíche agus é ar meisce. Shíl sí ná bheadh aon trioblóid aici é do mharbhú ach bhí breall uirthi. Nuair a thais sé fé chaith sé é féin isteach in abhainn a bhí taobh leis agus d'imigh Petticoat Loose suas sa spéir ina sprinlíní tine.
Oíche áirithe tháinigh sagart óg ina coinne agus é ag léamh a leabhair. Ní raibh aon eagla air roimpe ach bhí scannradh uirre sin. Cheistigh sé í i dtaobh a daoradh ach bhí sí sin comh gasta nár innis sí an fhírinne dó. Fé dheire d'airimhigh sé na peacaí a dhaor í agus caith sé géilleadh. "'Sé an píonós a churfidh mé ort anois" ar sé "ná é seo : caithfear súgáin a dhéanamh den gaineamh san Muir Rua go dtí Lá an Bhreitheamhais". Nuair airigh sí na focail sin d'iarr sí air cead a thabhairt dí barra a méire a choiméad ós ceann an uisce chun go mbádfadh sí na longa a geighadh an rslí ach níor thug sé an chead di. Ansan d'iar sí cead air gruaig a cinn a coiméad ós ceann an uisce ach ní fuair sí é. D'eitil sí léi ansan agus caith an sagart a leabhair iompaithe. Chas sé agus d'innis sé don sagart go raibh aghaidh an leabhair leis an gaineamh. Thuig sé ansan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gréine Paor
- Inscne
- Baineann