Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 223](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0653%2FCBES_0653_223.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 223
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Feirmeoir a bhí a' dul ad iarraidh peidhre bróg ar aonach a' Luain sa tsean-aimsear. Gach aon Luain bídís a' díol na feircíní ime agus gach aon rud á ndíol acu an lá céadna. Ar a ghabhailt dó ann ar thaobh a' bóthair bhí cailín óg istigh i maca a' tighe agus í a' scaipeadh agus í ar leath - ghuil. D'fhiafruighe sé di, fáth an giul a bhí uirthi nó cad a bhí sí á dhéanamh. Dubhairt sí gur lorg sparán buidhe a fuair sí ó bhiachaill óg a bhí sí agus ná cailleothadh sí ar aon riud é. Thosnuigh an poet annsan agus dubhairt sé:-
'Ge screathnag an cheoidh seadh do chasadh am chomhair
'D'iarraidh bróg gan gó do bhíos
An ín-bhean óg ba mhaisiamhlacht clódh
Bíos i maca faoi bhrón a' tóbacht na tuighe (tocailt)
Luinneóg:-
Cailleadh go dona é, Margadh Monday
Cailleadh go dona é an Spárán buidhe
Cailleadh go done é Margadh Monday
Calleadh go done é Agus síad á cuardach í go faoitheach.
B'fearr liom corójnn ag caitheamh s i'on ól tig tabhairne
Ná an sparán ór do chaillis-se aréir
Ásas cumhrach Fuaireas ó óig-fhear
Ná caithfeadh a chúl leis an gceot, leis an ríl.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Muirgheasa
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge