Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 246](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0653%2FCBES_0653_246.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 246
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Leathanach 246
- XML (gan teideal)
- XML “Samhradh gach Síon go Nollaig agus Fásach go dtí na Dóirse”
- XML “Grabaire Leanóra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí gabha ann fadó agus thá fós agus beidh go deo, fad a beidh feirmeoir beidh capaill agus annsin beidh gabha mara mbéadh ní mairfeadh capall ann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tabhair abhaile do dhá mhála óir anois agus mairir go séimh go bráth."- Samhradh gach síon go Nodlag agus fásach dtí na dóirse.
Bíonn an aimsir go fuar gádhtach tar éis don Nodlag do bheith gabhtha thart. - Bhí tailliúr ann fadó má bhí tá fós agus beidh go deo. Bhí tailliúr i nGleann Úra agus bhí sé pósta agus bhí aon inghean amháin cloinne aige. Do bhí capall oibre agus blúire talmhan. Chuaidh fear chuige a bhí ana-cruinn agus timcheall na h-uaire sé an spré a bhídís a' tabhairt don a céile in Éirinn ná seacht mblianta ag obair agus i gceann na seacht mbliana geobhadh an garsún inghean an fheirmeora gan aon phágh.Theastuig ón sglabhuidhe seo gach aon tslighe ní ba mheasa ná a chéile inghean a' tailliúra d'fháil. Thóg sé greim di aimsear seacha agus tá's agaibh an cuid eile. Bhí eagla air annsin . Ní fheadair cunnas (?) thiocfadh sé timcheall ar an athair cún é a shaoradh. Thug sé isteach i dtig ósta lá i nGleann Úra gur dhein sé ceathramha amhrán. Sé an tslíghe thosnuigh sé:"A greannúir ghlic ó Gleann Úr
Go mbeidh an margadh so deánta
Is fada mise ag éisteacht gus 's baoth é mo ghnó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Muirgheasa
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge