Scoil: Na Frasa (uimhir rolla 16375)
- Suíomh:
- Na Frosa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Robhartaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 181](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1036%2FCBES_1036_181.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 181
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Frasa
- XML Leathanach 181
- XML “An Rí agus an Gadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt na gadaidhthe go rabh tighearna talaimh in a chomhnuidhe sa teach sin thuas agus go rabh sé ag cruinniughadh na cíosa indiú agus gur mhaith leobhtha an t-ór sin a fhághail. Chuaidh siad isteach go dtí sean choill a bhí ar thaobh an bhóthair. Tháinig siad amach i lár na h-óidhche. ní rabh smig le cluinstin in aon áit.
Cheangail siad an rópa thart ar an bhuachaill. Bhí mian acu an buachaill a leigint síos an simléir agus na málaí óir a tharrainngt aníos an chéad uair agus an buachaill a tharraingt aníos. Leigeadh an buachaill anuas an simléir agus ní rabh smig le cluinstean sa teach. Fuair sé cúpla málaí agus líon sé iad le h-ór. Tháinig an rópa anuas agus tharraing siad an t-ór aníos. Acht faraor dá bhfanadh an buachaill bocht annsin go maidin. Ní thiocfadh an rópa anuas fán a choinne. Bhí an buachaill bocht idir bás agus beatha. Ní rabh fhios aige caidé dhéanfadh sé acht níor chaill sé misneach. D'amharc sé thart fan teach agus fuair sé craiceann ghabhair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Míchéal O' Breslin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Baile Uí Bhrolcháin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mrs Ellen Breslin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Baile Uí Bhrolcháin, Co. Dhún na nGall