Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 337
- XML “An Pléiseam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt sí le Ruaidhrí go rabh sé a dhíoghbháil ar an rí. Caide tá cearr anois arsa Ruaidhrí acht phachaidh me chuighe i mbarach go bhfeicidh mé.
Cuaidh sé fhadh leis an rí agus chuir sé ceist air caide bhí cearr. “Bhal" arsa’n rí caithfidh tú pléidhséam a chur ar an chaislean seo damh. Caide sin arsa Ruaidhrí, ní fhaca míse pléidhseam ariamh. Mur gcuiridh tú ceann ar an chaislean se cuirfidh mé ‘un bháis thú. “Bhal" arsa Ruaidhrí tabhair fáill damh agus d’imthigh sé leis agus a aghaidh ar an choill. Casadh an fear air arais agus é ag marcardheacht ar gabhair. Cuir sé céist air cáide bhí cearr leis anois. Tá arsa Ruaidhrí caithfidh mé pléidhséam a chur ar caisléan an righ. Níl sin doiligh a dheanamh arsa’n fhear agus thainig sé anuas dé’n gabhar. Dubhairt sé le Ruaidhrí dhul ináirdé ar an gabhar agus greim daingean a choinneilt ar a adharcaibh agus arsa seisean, an uile am a deireas an gabhar “meg meg” abair tusa “Suibhal leat”.
Rinne Ruaidhrí mar h-iarradh air agus d’imthigh sé leis. Nuair a bhí sé ar bhealach go caislean an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Saileasa, Co. Dhún na nGall