Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 370
- XML “Nósanna na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha deas agus nós a bhí ag baint leis na hÉireannaigh fadó acht sílim go bhfuil oiread againn anois as bhí céad bliadhain ó shoin.An Bhliadhain Úr. Ar oidhche an Nodlaig bheag, bheireann na daoine an méid uisge a bhíos a dhíth órthú isteach roimh luighe na gréine, mar deirtear go ndéantar fíon de'n uisge an oidhche sin, agus fágann siad bamhail de i dtaisce go dtí an mhaidín. Annsin ólann gach duine trí bholgam de, in onóir trí pearsan na Trionóide Ró Naomhtha. Deirtear gurh ar an lá seo a thionntuigh Íosa Críost uisce isteach i fíon ag Cana, ag an bhainfhéis.Oidhche Féile Bhrighde. Nuair a thigeas Oidhche Féile Bhrighde gnidheann bunadh na háite seo móran crósanna, in ónoir an Naoimh seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Ghallochobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall