Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 346
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhóir. Dar lé Sean go gcuirfeadh sin adh air agus líon sé a hata leis agus cuir ar a cionn aráis é. Ní dheacard sé i bhfad eile go bhfaca sé cearc ag teacht amach as taobh an bhealaigh mhóir agus í ag go carsaigh. Bhal arsa Sean ce bith áit a rabh an cearc sin tá uibheacha ann. Isteach leis agus caidé fuair sé acht nead agus dhá uibh déag ann. Isteach leis arís agus fuair sé dha uibh deag eile. Líon sí a phocaí leis na uibheachaibh agus siubhail leis. Nuair a bhí piosa eile dé’n aistear deanta aige thainig sé fhad lé crann giúmhaise agus géag iongantach ag fás air. Gearr sé sin fosta agus thug leis é.
‘Sán deireadh thiar thall shroich sé caisléan an ríogh. D’iarr sé ar an doirreoir dhul isteach agus iarraidh ar an rí a theacht amach no gur mhaith leis é a fheiceail. Tainig sé amach agus sil sé nach bhfaca sí fear ariamh com sceimheamhail, scaoilte, seafanta agus bhí an-chion aige air. Nuair a d’innis Sean do go dtainig sé iarraidh a thabhairt a nighean fhaghail i gleamhnar thainig brón ar an rí agus dubhairt sé nach rabh ins an eailin sin acht sean diabhail gan truagh, gan trocaire agus gur fearr do dul ar siubhal agus a gnoithe fhéin a coimheadh nó go gcuirfeadh sí a cionn ar spice dálta an da céad agus dha fhichead eile agus nar mhait leis – san a leitheid sin a fheiceáil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ríota Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na Saileasa, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean 'Ach Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Saileasa, Co. Dhún na nGall