Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 95
- XML “Scéal Fhionnbhráid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Fionnbhrághaid.
Fad ó shoin agus is fad ó shoin é bhí Ríogh agus bainríoghan i na gcomhnuidhe i gCúige Uladh, ní rabh de theaghlach aca ach nighean amháin. Fionnbhrághaid darbh ainm dí agus bhí sí cinnte. Nach rabh a’n cailín ar an domhan a bhí comh dóigheamhal léithe, ar an adhbhar sin bhi rachairt mhór uirthí bhí prionnsaí ‘sa Frainnc, ‘sa Gearmain, ‘sa Iodáil, críoch ‘a lochlannaigh, ‘sa Tuire, agus as gach árd de’n domhan ag tarraingt uirthí, a h-iarraidh le pósadh, ach sin a rabh ar a díthe shon aca, ar an droch uair díthe fhéin agus daobhtha sin. Seo mar tharlaidh.
Lá amháin, bhí sí amuigh ag seilg le na cú bán, le na capall. D’éirigh gearraidhe amach as faoi tuim cuilinn a bhí ag fás ar bhruach lean an cú an gearrfiadh, d’imtigh sise, an capall ‘sa tóin ‘na dhiaidh. Síos malaidhe, suas conch. Nuair a bhíodh an cú i rioghacht an ghleann bhíodh an gearrfiadh ar barr cnoc agus uirsa versa, a d’aindeoin go rabh an cú ‘s an capall aicí ba ghuisce a bhí i nÉirinn. Ní rabh dul aca greim a fhághail ar an gearrfiadh,, le cuim na h-oidhche nuair a bhí sead uilig tuirseach saruighthe thug Fionnbhrághaid a h-aghaidh ar an bhaile,, nuair a tionntuigh sí thart fuair sí sean-cailleach liath ‘na seasamh ar a taobh.
Baineadh stangadh as Fionnbhrághaid nuair a dhearc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus Ó Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall