Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Bás Dhomhnaill Fhalsa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a tháinig ann damh-sa a dhul ag obair d'imthigh mé liom fríd an t-saoghal a ghaothrú mo bheatha.
    Níl áit ar bith dá bhfuighinn lá oibre thall nó i bhfus nach rachainn ag obair ann. Tharlaidh uair amhjáin ar fostadh thoir ag taobh Loch Súilighe mé, ag fear a dtugadh Domhnall Fallsa mar leas-ainm air. Duine sanntach, socrailte a bhí ann. Nuair a mhian leis fhéin mórán a dhéanamh bhí sé iongantach trom ar a chuid oibridheann.
    Bhíodh sinne ag oibriú ar an talamh sa lá agus ag iasgaireacht 'san oidhche. Bhí bád aige dó fhéin agus é fhéin 'na chineal de chaptain uirthí. Théidheadh sinne amach de bhéal an locha. Chuireadh sinne ár gcuid h-eangach annsin. Chaitheadh sin amach ancraí annsin agus théidheann sinn a chodladh. Bád measartha mór a bhí inntí a bhí druidte 'sa chionn agus na leapacha cóirighthe síos ar íochtar. Le breacadh an lae, thógadh sinne ár gcuid h-eangach agus bhaineadh an cuan amach. Duine cíocrach ab eadh Domhnall.
    Beathach reatha ar bith a bhéadh 'san eangaigh chaithfeadh sé d'fhághail dó fhéin.
    Oidhche amháin chuadhamar amach ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Aodh O Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall