Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chur sé sgéala fhad le Peadar a ghabháil go teach saige, nó go rabh gnaithe aige leis. Rinne Peadar sin, agus nuair a chuaidh sé isteach 'un toighe dubhairt an ministéir leis, "chualaidh mé go rabh tú gaibhthe 'san deireadh". An dtabhairfeá dó lamh domh go bhfuil sin fíor"? arsa Peadar. Dubhairt an ministéir go dtabhairfeadh, agus thug. Annsin thoisigh Peadar ag teannughadh ar a láimh. D'iar[r] an mhinistéir air a lámh a leigint amach, agus dubhairt Peadar go leigfeadh sé amach é da dtugadh seisean mionna nach gcuirfidhe i bpriosun é. Dubhairt an mhinistéir go ndéanfadh sé sin, agus annsin leig Peadar amach a lámh. Chuaidh Peadar abhaile annsin, agus b'éigin dó bheith ar a sheachnughadh ó sin amach.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Lúdhóg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Léim an Ghabhra, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall Ó Lúdhóg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Léim an Ghabhra, Co. Dhún na nGall