Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mhoill a bhí ar an Sagart nó go rabh sé amuigh aca. Shiubhal sé leis amach roimh na daoine, agus níor stad sé go rabh sé ag an áit seo. Stad sé go tobann agus dubhairt sé le triúr nó ceathar de na fearaibh a ghábháil fhad leis an fhásac agus an fraoch a chur ar leath taobh ionnus go bhfeadfadh siad an maide a thógáil go réidh. Rinne siad mar dubhradh leo, acht caidé thóg siad aníos in áit an mhaide acht fear marbh. Tháinig sgannradh agus crith eagla ortha uilig, agus d'orduigh an Sagart dóibh gach rud a chur ar leath-taobh agus a ngnoithí a dheánamh.
Bhagair an Sagart ortha a ghábháil duine indiaidh an duine eile agus láimh a leagaint ar an fhear mharbh. Thoisigh siad ag leagaint a lámh air ó duine go duine, agus bá ghoirid go dtáinig an fhear chionntach, agus é cothal [?] faitteach. Nuair a leag sé a lámh ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Lúdhóg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Léim an Ghabhra, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall Ó Lúdhóg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Léim an Ghabhra, Co. Dhún na nGall