Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 52](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1040%2FCBES_1040_52.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 52
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d'fhág sé a bhean agus a mhac 'na dhiaidh. Shiubhail sé go Doire, agus fuair sé bád annsin a thug anonn slán é.
Bhí sé ag siubhal leis, acht ní thio[c]fadh leis aon obar a fhágháil. Sá deireadh d'astuigh sé le fear amuigh sa'n tír. Fuair sé a chuid bidh go maith, agus éadaigh ar feadh na bliadhna, acht ní bhfuair sé aon phinginn tuarastáil. Nuair a bhí an dara bliadhan istoigh aige ar an dóigh céadna, dubhairt sé go mba mhaith leis airgead a chur abhaile fhad le na bhean agus a mhac. Acht dubhairt an mhaighistir leis nach bhfuigheadh sé aon pinginn go gcuireadh sé isteach bliadhan eile. Nuair a bhí an bhliadhan sin istoigh ní bhfuair sé aon phinginn, agus choinnigh an maigistear mar sin é go cionn ceithre bliadhna déag. "Seo anois" arsa an maighistear "thig leat a ghábhail abhaile lá ar bith is mian leat, agus ní bhfuigh tú an phinginn uaimsa ar son(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall