Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)staisiún indiu ann. Rinne an cailín seo agus sul a dteachaidh sí a luighe bhí an suipéar réidh ag an bhean fá na coinne. Annsin thaisbean sí an leabaidh duithe, agus chuaidh sí a luighe. D'fhág sí an mála a bhí léithe ar an tábla, a bhí sa'n t-seomra. Nua[ir] a fuair an bhean an cailín na codladh, chuaidh sí síos fhad leis an mhál[a,] d'fhosgail sí é, agus nuair a chonnaic sí na rudaí deasa a bhí ann, bá mhaith léithe an cailín a mharbhughadh, agus iad a fhágháil duithe fhéin. Bhí ceathrar mac aicí, beirt a bhí go h-an mhaith duithe, agus an bheirt eile ní raibh siad maith duithe. Bhí an beirt a bhí maith duithe, bhí siad ag iarra[idh] uirthí an cailín a mharbhughadh, agus nuair a chualaidh an bheirt eile seo, d'imthigh siad fá choinne an Sagart. Tháinig sé, agus bhí an doras druidthe. Bhuail sé ag an doras, acht níor(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Giolla Ceárr
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Giolla Ceárr
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall