Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Learga na Saorthach
- XML Leathanach 66
- XML “Neidí Anna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhain sé amach a sgian-phóca, d'fosgail sé é in eadán, agus shocruigh an tráthnóna annsin, agus tháinig siad abhaile. Nuair a tháinig tuitim na h-oidhche, tháinig marcach fhad leis an doras. Chuir sé ceist an rabh Neidí Anna istoigh, agus dubhairt duine aca go rabh. "Abair leis a theacht amach annseo, go bhfuil gnoithe agamsa leis". Tháinig Neidí amach. "Caithfidh tú a ghábháil liom go dtí go mbainfidh tú amach an sgian a sháith tú i láimh mo ingine indiu". "Ní rachai[dh"] arsa Neidí "go ngealfaidh tú domh nach ndeanfaidh tú aon dath ar mó mhac nó orm fhéin ar thalamh nó ar fhairrg[e] níos mó". "Gheobhaidh tú an geal sin" arsa seisean. Chuaidh Neidí leis síos cnoc mór go dtí go dtáinig siad fhad le sgriog. D'fhosgail an an [!] talamh rompa, agus chuaidh siad isteach. Bhí seomra mór annsin. Chuaidh siad isteach sa t-seomra seo, agus bhí an cailín na suidhe ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Giolla Ceárr
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Channain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall