School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 147
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Am amháin fad ó shoin bhí saighdiur mór ann darbh ainm Culcullain. Bhí sé an laidir.”
(continued from previous page)dtiocfadh le duine ar é a mhusgailt. D'iarr Conail ar Emer a ghabhail go Cúculain no b'fheidir dó guth-sa a mhusglochadh é. Thug Emer na páistí do Chonail le iad a choimhead. D'imthigh Emer go dtí Cúculain. Nuair a bhí sí chomhgarach do'n teach chonnaic sí bean ina seasamh i lar an bhealaigh mhóir. Shíl Emer gur bean-uasal a bhí ann agus go ráibh sí ag gabhail a thabhairt airgead dithe. Acht ní ráibh. Sidheog a bhí ann. D'iarr sí ar Emer an ráibh sé ag gabháil go Cúculain. Dubhairt Emer, "Cé thusa a béith ag cainnt ar Cúculain. Dubhairt an Shideog go rachaidh sise fosta go dtí Cúculain, d'imthigh an bheirt. Nuair a bhí siad ag an chaisleán a rábh Cúculain ann. D'iarr an sidheog ar Emer í a gabhail isteach an chéad uair, muna mhusglóchadh sise é rachaidh sí fhéin isteach annsin. Chuaidh Emer isteach sa t-seomra a rabh Cúculain ann, bhí mórán daoine ann. Shíl siad go musglochadh an(continues on next page)