Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 181
- XML “An tUascán Corrach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Ar bhucan na glaise, go deimhne, a ceangladh an t-uan.
Bhí deichneabhar agus da-fhicid, da lomadh ó Mháirt go Luan.
Mná na rosann go gcoinneochadh a lámha ar siúbhal
A deánamh stocaí ó Shamhain go Bealtaine Úr.
II
Nach mór a truaige gur cailleadh a leithid sa tír
‘Sgo ndeánfadh a chloigeann teach Pobail i mBarr na Mídhe.
Ádhbhar pluide agus an iomadta gréasan mín
Da thaoibh a coise gur baineadh gan ádhmhail síos.
III
Da sgoiltí an [cnámh] crámh gearr ann a lár ‘gus é sgoilteadh go maith.
Dheánfadh sé muilleann agus bhácthe a chuideadh da theach
Píosa de láirc go ndéanfadh crann luinge go deas
Agus a chroiceann go sásta chuirfeadh sé rigin ar theach.
IV
Da gcaillinn mo ghearran, mo chapall, mo spré ‘gus mo chlann
Mo dhúithce talaimh, mo sparan, sgan dhá phiginn ann.
Ba míle ba measa liom, callan Eoghain Mhóir gus a chlann
Fa’n t-uasgan chorrach a cailleadh ar mo thaoibh den Ghleann.
(Críoch)