Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 10](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1043%2FCBES_1043_010.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 10
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 10
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Thug an t-amadán an tríomhadh bean amach. Cheangal sé an rópa faoi na dhá aisgil agus dubhairt sé léithe. “Anois féachaidh mó dhá dhearbhrathair mise a chuir un báis. Nuair a gheobhaidh siad mise ar an rópa sula rabh mé aníos leath bealaigh acu ghearraidh siad é an dóigh a gcoinneachaidh siad mé i bhfos annseo. “Bel” ars sise “Tá fáinne agam-sa annseo agus athchuinge ar bith a dh’iarras tú uaidh gheobhaidh tú é”. Bhain sí an fáinne ó ná méir fhéin agus chuir sí ar mhéar an t-amadán é. Bhuail an t-amadán an clog tharraing na fir eile an tríomhadh bean go talamh uachtarach.
Chuir siad síos a’ rópa arais. Cheangal an t-amadán an rópa faoi na dhá aisgil fhéin agus bhuail sé an clog. Thoisigh a dhá dhearbhrathar dá dtarraing aníos acht sula rabh sé aníos leath bealaigh acu ghearr siad an rópa. Shil siad go gcoinneochaidh siad é síos ins an árus. D’imthigh siad go dtí rígh a domhain thiar le na thriúr níghean. Chuaidh an gábha dubh abhaile i gcionn a a chuid oibre. Bhí an t-amadán annsin agus ní rabh fhios aige goidé dhéanfadh sé. Rinne sé déarmad go rabh an fáinne aige ar chor ar bith. Bhí sé ag cuimilt a lámha. Sa deireadh mhothuigh sé rud eighinteacht ar a mhéar. D’amharc sé ar a mhéar agus chonnaic sé a fáinne. Sa bhomaite smaoitigh sé goidé rabh an fháinne fá na choinne. D’iarr sé athchuinge ó’n fháinne ó bheith ar brúach agus bhí sé ar brúach ar a’ bhomaite.
Chuaidh sé go dtí teach an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Bhriartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Gáibhtheacháin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60