School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 9

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 9

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 9
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.

    (continued from previous page)
    D’osgal sé an tríomhadh dóras agus chonnaic sé an tríomhadh bean ‘na suidhe i gcáthaoir airgid ag cíoradh a cinn. Thuit sise a luige fosta nuair a chonnaic sí an t-amadán. Nuair a tháinig sí as d’iarraidh an t-amadán díthe an rabh fhios aicí dada a chuireadh na triúir fáthach ‘un báis. “Bhel” ars sise “tá túath an mhór annsin acht creidim nach dtig leatsa é a thógail tá sé comh trom sin”. Chuaidh an t-amadán go dtí áit a rabh an túath agus béir sé air go féaramhail. “Anois” ars sise “caithfidh tú druim gach fáthach a sgoilteadh le buille amháin. Chuaidh an t-amadán go dtí áit a rabh na triúir fáthach ‘na gcodladh. An chéad bhuille a bhuail sé bhí druim fáthach sgoiltigh aige. Níor stad sé go rabh na triúir marbh aige. Annsin d’fhág sé an túath uaidh.
    Chuaidh sé isteach sa chéad seomra agus thug se amach an chéad bhean. Cheangal sé an rópa gaoi na dhá aisgil agus bhuail sé an chlog. Bhí an gábha dubh agus dhá dhearbhrathair an amadán ar brúach i dtólamh tharraing siad an cailín go talamh uachtarach. Annsin thoisigh dhá (dri) dhearbhrathair an amadán a throid fá dtaobh díthe. “’Nois ‘nois” ars an gábha dubh “stád aighidh don troid sin síos leis an rópa arais”.
    Chuir siad sios an ropa arais. Thug an t-amadán an dára bean amach. Cheangal sé an rópa faoi na dhá aisgil agus bhuail sé an clog. Tharraing na fir eile í go talamh uachtarach. Acht ní troid ariamh é go dtí bhfacaidh siad an cailín seo. “’Nois’ nois ars an gábha dubh” stad aighidh do’n troid síos leis a’ rópa arais”. Chuir siad síos an rópa.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Nic Bhriartaigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Seamus Ó Gáibhtheacháin
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    60