Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 58
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag tarraingt suas ar 68 bliadháin.
Bhí teach gallda i nDubh-rún ar bh’ainm do Baoighid. Bhí fear agus bean ‘na gComhnuidhe ann agus ní raibh aon duine cloinne aca. Thug siad leobhtha buachaill Chaitiliceach a d’fhanfadh fan teach aca. Lá amháin d’imthigh an lánamháin seo a’s baile agus d’fhag siad an buachaill seo sa teach ‘na ndiaidh. Léim an cat suas ar an dreisúir, bhuail an buachaill é. Tháinig sé anuas agus sheas sé ós coinne an bhuachaill agus d’éirigh an fionnamh ‘na sheasamh air. Tháinig eagla ar an bhuachaill. Nuair a tháinig bunadh an toighe abhaile d’innis sé díobhta caidé tharluigh agus dubhairt sé go raibh sé ag dul abhaile nó go raibh eagla air roimh an chat. D’iarr siad air fanacht an oidhche sin agus go gcuirfeadh siad an glas ar dhoras a sheomra an dóigh nach bhfuigheadh an cat isteach.
Chuaidh an buachaill a luighe an oidhche sin agus chuir sé an glas ar an doras taobh astoigh. Ar máidin an lá – thar – na – bharach nuair a b’fhada le bunadh an toighe a bhí an gásúr gan éirigh. Chuaidh fear an toighe fhad le doras an tseomra. Sgairt sé trí huaire a’s ní bhfuair sé freagar ar bith. Bhreis sé isteach an doras. Nuair a chuaidh sé isteach fuair sé an buachaill marbh ‘na luighe ar a leabaidh agus a chroidhe a’s a sgeamhogaí tarrnaighthe amach ar a thaobh. Ní fhactas an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Dochartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall