Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cróibh
- XML Leathanach 161
- XML “Meg agus Micí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar seo”.
“Cé uaith a ghoid tú an gluaistean a Mhicí”, Ó tá, a bhreithimh, fuair mé é ó fhear beag, árd íseal, reamhar, tainidh a bhfuil an “Petrol Pumps” aige. Ó tchím arsa an breitheamh tá an fhírinne annsin agat sílim a Mhicí. Bhal anois ceist amháin eile, a Mhicí cá bhfuil an fear beag árd, íseal, reamhar tanaid a bhfuil an “Petrol “Pump” aige’. Ó, maise, innseochaidh mé sin duit, arsa Micí tá sé na chomhnuidhe i na thoigh fhéin.
“Ó” arsa an britheamh tá sin ceart a Mhicí agus anois, a Mhicí cá bhfuil an teach sin a bhfuil sé na chomhnuidhe ann? Ó seadh arsa Micí, tá an teach ar an talamh agus tá giota den spéir ós cionn an toighe. Him, ars’ an gárda a bhí na sheasamh ag éisteacht. Bhal, bhal, a Mhicí, tá an fhírinne agat fhad agus chuaidh tú. Anois tá an oiread sin againn. Fear beag árd íseal reamhar tinaidh a bhfuil an “Petrol Pump” aige tá sé na chomhnuidhe i na thoigh fhéin agus tá an teach deánta ar an talamh agus tá giota den spéir ós cionn an toighe.
Bhal, anois, a Mheg ceist ortsa. “Caidé thug tú don fear ar son an gluaistean? Ó, leóga, tá maise a bhreitheamh thug mise 3 bharaille bainne dó. No! No! Arsa an breitheamh tchím. Agus a Mhicí caidé thug tusa dó? Ó, tá, a bhreathimh thug mise trí rópaí móra fada dó. Agus a Mhicí cá bhfuair tú na trí rópaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Dhuibhidhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ua Duibhidhir
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall