Scoil: Mín an Aodhaire (uimhir rolla 12021)
- Suíomh:
- Mín an Aoire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seaghan Ó Coinnigeáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Aodhaire
- XML Leathanach 384
- XML “Aisling”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aisling rinne mé 'réir ar leabaidh gus mé mo luighe
Go dtáinig sí chugam 's budh laghach i ainnir na gCraobh Ailt Buidhe,
Bhí a gruaidhe lasta mar gaedhthe deallrughadh on gréin am a dlaod
'S ní h-é mo bheannacht do'n té beirfeadh an-toil na diaidh do mnaoi.Níor fhan mé le moran éadaigh gur lean mé an péarla mna
Ann gach baile budh tréine thart Béal Atha-an-Atha
As soin go Mullach na Brúine 'sa bealach sin siar Clónárd
Bhí muid ar uair an meadhon oidhche ag leigint ar sgrístí ar Droichead Atha.Chuaidh muid go doras an toighe a rabh leann a dhíol a gnathas
A stóir tabhair deoch chugam féin nó racaidh mé ar éag gan spás
Líon sí an canna go beul, S a Mhuire budh é an leann daor
D'ól muid naoi gcárta déag i gcuideachta a céile araonCome pay the Raicnín ar sí nó is mithid liom luighe gan spás
Nó aithnighim ar coileach a toighe gur gairid go n- eireochaidh an lá
Mas is é sin é an fáisighean na tíre an raicnín a díol gan spás
Ar ar a blas mé de a chara mo chroidhe níl agam pigin ann mo láimhDéirigh cailín a toighe a's leig sí glaoidh go h-árd
Sgairt sí ar mhac Fhir a toighe Bhí do seasam" sé bhí gan spás
Déirigh an bodach na shuidhe. Níor bhfaillighthac a bhí sé 'sa cás
Níor fiaffruigh ce'n baile, cé'n tír, le bata gur sín sé a lámh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Ó Coinnigeáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fionnalaoic
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall