Scoil: Mín an Aodhaire (uimhir rolla 12021)
- Suíomh:
- Mín an Aoire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seaghan Ó Coinnigeáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Idir an píopa agus an snaoisín cuaidh laochraidhe fa [chéd]?
Fa ceile anns an troid sin marbadh cuig agus céad
Ars’ a Caoilte Mac Ronain le fear Oscar na bhfeínn é
Nach bhfeicidh se an gadhar nó an cú nó an cat no an lá tá le teach
An té dheanadh olcas ar píopa tobaca
Caitheann fear na seacht mbliadhan é
Caitheann an fear é a bhfuil a cheann geal leath
Caitheann an tailiúir ‘na shuidhe ar a thoin é
Caitheann an fiogdheóir ‘na shuidhe ar an tseól é
Caitheann an tsean cailleach i dtoigh na comhursan é
Ag cul-cainnt agus ag canadh comhursaní
Reipis Peipis! a píopa as tú an sgriosadóir
Ní dhíolann tú cíos nó gearadh damh
An te bheidheadh tobaca aige agus é beith da [cail]?
Go dtógtar san aer é go mbristear a leis
Go dtogtar é síos go Gleann Gheis
An áit a mbeidh sé ‘na shuidhe ar deis- Bailitheoir
- Máire Ní Giolla Cearra
- Inscne
- Baineann