Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 486
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Cualaidh leómhain nach bhfuil dadaí ní ba ladaire na fear.”
Sgéal.
Cualaidh leómhain nach bhfuil dadaí ní ba ladaire no fear. D'éirigh sé amach lá amháin go bhfeicfeadh sé an gcasfaidhe fear air. Shiubhail sé leis giota fada. Casadh táiliúr air. Arsa leómha[in] leis an fhear. "An fear thusa?" "Ní eadh" arsa an táiliúr "Is táiliúr mé agus is ionnann táiliúr agus bean" agus d'imhtigh an táiliúr agus cuaid an leómhain ar aghaidh. Badh maith leis an táiliúr fagháil ar siubhail uaidh.
Shiubhail an leómhain leis agus casadh sáighdiúr air. Arsa seisean leis an sáighdiúr "An fear thusa?" "Is fear go cinnte mé" arsa an sáighdiúr. "Cualaidh mise" arsa an leómhan, "nach bhfuil dadaí níos láidre na fear." "Cualaidh tú an rud ceart" arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhionnghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall