Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)réasón atá le sin?" arsa Fionn d'innis Fead Mhac Fead do dá gcuirfeadh sé a mhéar ina bhéal agus fead a dhéanamh go gcluinfidhe i gcéithre cóirnéal na h-Éirinn é. "Bhal" arsa Fionn "siubhal leat béidh tú a dhith go cruaidh orainn," siubhail siad léobhtha annsin agus ní fada gur casadh gasúr eile ortha. D'iarrfaidh sé fastódh ar Fionn agus d'iarrfaidh Fionn do c'ainm a bhí air agus dubhairt sé gur Slios Mhac Slios an t-ainm a bhí air. "Caidé'n brígh nó (s) réasón atá le sin?" arsa Fionn, "Bhal" arsa'n gasur da gcáithfheá cípín chugam dhéanfainn long comh mór de is tá ar an fhairrge. "Bhal," arsa Fionn "Béidh tú a dhith orm go cruaidh orm," siubhail siad léobhtha annsin gur casadh gasúr eile ortha d'iarrfhaidh sé fástód ar Fionn agus d'iarrfhaidh Fionn do c'ainm a bhí air agus dubhairt sé gur Neart Mhac Neart an t-ainm a bhí air. "Caidé'n Brígh nó réason atá le sin?" arsa Fionn "ta" arsa'n gasúr an long a dhéanfhádh Slios Mhac Slios go dtiocfhadh leisean a thabhairt leis faoi a n-ascaill agus é a fágáilt áit ar bith sa chuain a ba toil leis. "Bhal" arsa Fionn "béidh tú a dhith orm go cruaidh" agus siubhail siad léobhtha gur casadh gasúr eile ortha. D'iarrfaidh sé fastódh ar Fionn cosamhail leis an bunadh eile agus d'iarraidh Fionn do c'ainm a bhí air agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Mhaoldomhuaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall