Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a cur an síl" arsa na fir, "ach ní fhacaidheamar iad ó soin". "Ag magadh atá sibh", arsa an caiptín, "agus ma's éadh iocfaidh sibh go daor as." "Ní magadh é. Níl ann acht lomclár na fírinne". "Níl ionnta seo acht bobarúin", arsa an caiptín. "Cáithfimid a gcuartughadh in áitéighinteacht eile." Shaothruigh Mháthair Dé an saoghal go cruaidh comh cruaidh cráidhthe sin go mbíodh truaighe ag éanlaith an aeir díthe Tháinic na fáinleógaí thart nuair a bhí sí in a seasamh ag bun na Croiche ag caoineadh Chríost' Céasta; gur eiteall siad thart uirthí, agus gur cuimligheadar iad féin dó a gúna ag tabhairt a dtruaighe dúithe. Thuith deór guirt na Maithreacha ar brollach na fáinleóige 'san am níl lá ó shoin na bhfuil ball bán le feiceál ar a brollach mar cuimhne ar an lá dhá mhíle bliadhain ó shoin. Tá sgéal go rabh fear bocht ann fad ó shoin a chonnaic dréimire árd dearg in a seasamh agus chonnaic sé dréimire fada bán giota ó'n ceann eile agus bhí Íosa ar bhárr an chinn deirg agus a Mháthair ar bhárr an chinn eile. Le sin chonnaic sé daoine ag iarraidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peilm Ó Dóchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall