Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)

Suíomh:
An Charraig, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
S. Ó Beirn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 515

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 515

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig
  2. XML Leathanach 515
  3. XML “Scéal - Buachaill as Airgeal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    feirmeóir cheadhna agus ar máidín lá ar na bhárach chuaidh an bheirt aca amach ag obair agus chuaidh an feirmeóir leóbhtha. Bhí buachaill as Airgeal an fhallsa ach go rabh sé greannamhail. Bhí an dúil ag an feirmeóir bhéith ag eisteacht leis ag innse bréige. D'obair síad go dtí go dtáinig an Lughnasa. Lá amháin smaointigh an feirmeóir go gcuirfheadh sé ceist air fá'n áit mhór bhí ag a athair insan bháile. In dhiaidh am dhinneara chuaidh an feirmeóir amach ina gharrdhaidh agus gheárr sé cáil. Thug sé isteach é agus arsa sise, "an bhfaca tú cáil comh mór le sin ag d'áthair insan bháile." "A bhrallán" arsan buachaill, "chonnaic mé cáil i bhfád níos mó." "Caide'n méid a bhí síad, níos mó nó iad sin." "Innseocaidh mé sin duit," arsan buachaill, "tháinig toirneach anuraidh mí na Lughnasa agus tháinig toirneach agus fearthainn i mí na Shamhna fosta. I mí na Shamhna bhí geafta an ghárrdhaidh foscailte agus chuaidh ceann dé na bológaí isteach. Nuair a bhí an fearthainn thart bhí an méid uisge cruinnighthe ar duilleóg amháin as baithfheadh an bológ" "Bhál tcím" arsan feirmeóir, "níl innte seo ach an plánta" Níor dhubhairt sé morán leis go dtí go dtainig mí na Shamhna. Lá amháin bhí an bheirt buachaill agus an feirmeóir amuigh ag baint bpreataí,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Beirn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peilim Ó Dóchartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall