Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dheánamh. Ta'n fear seo gabháil dó cróchadh agus níl sé cionntuigh dó rud ar bith" arsan buachaill "Mar tá tusa abálta cruthughadh" arsan breitheamh "is tú an fear ceart leis an ceart a dheánamh" "Bhfuil tú a fagáil agamsa le deánamh"? "Tá" arsan breitheamhnach "muna bhfuil tú abálta sin a dheánamh rachaidh an rópa ort fhéin agus cróchaidh sibh araon." "Margadh deánta" arsan buachaill, "ach eist liom an fear atá cionntach tá sé sa cruinniughadh seo agus bhéarfhaidh tú am domhsa le mó sgéal a innse agus an fear atá cionntach bhéarfhaidh sé bréagach damh sul a rábh mó sgéal inniste" "Máith go leór" arsan bréitheam "ma bhéar fear amháin ins an cruinniughadh bréagach duit sin an fear a chrócar agus gheobhaidh tusa agus an fear a bhí le cróchadh ar bpardún." Anois tá mé ag tuisigh ar mó sgéal" arsa sise. "Eist go máith damh go dtí go scairtear duine-eiginteacht tá tú breaga." "Seo anois a cháirde an méid atá ag eisteacht liom tá mé gabháil a innse daoibh an dóigh ar chaith mé an cuid seo dé mó saoghail. As Condae Dún-na-nGáll mé i mbáile beag a dtugann síad an t-Airgeal air. Ba é m'áthair an feirmeóir a ba mhó insan chondae seo agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peilim Ó Dóchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall