Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rabh sé giota maith ó a theach fhéin. Annsin thoisigh sé ag rith ach ní rabh gár do ann mar ní thig leis rud ar bith a fheicheáil. Shuidh sé síos ar an talamh arais mar ní rabh fhios aige cá rabh sé ag gabhail. Indiaidh uair amháin tháinig sé go dtí áit a rabh sluagh daoine beaga ag scairtigh agus ag léimnigh annsiúd agus annseo. Nuair a chonnaic siad an fear ag teacht rith siad indiaidh agus thoisigh siad ag léimnigh suas ar a dhruim. Bhí eagla mór ar an fear roimh na daoine seo agus nuair a bhí sé ag gabhail ar siubhail leag siad é ar an dtalamh agus annsin thoisigh siad ag chuir rópaí thart fá dtaoibh de. Nuair a bhí sé ceangailte fuair achan ceann acu greim air agus thoisigh siad ag tarraingt é fríd an talamh dluich. Nuair a bhí siad tuirseach d'fhág é agus chuaidh siad an siubhail. Bhí sé ina luighe annsin ar feadh tamaill fhada. Ins an deinreadh fuair sé a lámh amach as faoi an rópa. Annsin fuair sé scian ina pgóca agus gheárr se an rópa leis. Ní rabh fhíos aige anois caidé deánfeadh sé mar bhí an oidhche ann. Shuidh sé síos ar an dtalamh go dtí an máidín lá ar na bhárach. Nuair a bhí an lá ag bheacadh d'eirigh sé agus thoisigh sé ag siubhail abhaile. Nuair a bhí sé ag gabháil suas chnoc beag thuit sé síos anois mar bhí sé comhai a bheith marbh le ocras. Bhí sé ina luighe annsin go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Prionnsas Ó Gallóchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall