Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Amhran ó bhéal Eibhlín Bean Uí Chonaill. "Amhran na Stillearachta," a thug sí air. Ó na mathair a dfhoghlaim sí é deir sí.Is moch ar maidin a thannic chugam cos íseal
An buachaill sgaoilte bhí leigthe lúthmhar
'Tá'n tarm dearg ar fud na tíre,
Ma tá dadaí sgaoilte bí da cheangal suas."Tá dhá shac bratha agam 's na stangaí líonta
Agus teine shíos le na rathaidh 'nuas
Thainic a' bhórach bhradach tart, 's mo mhallacht síorraidh dí.
Thug sí an tuainín díleas agus an worm uam.Is moch ar maidin bhí mo intinn tréalaidh
'S m'aigneadh alrach ag dul le gaoith
Da bhrígh mo mhaige níl sar damh a shéanadh
Tá cúmhaidh na diaidh orm ó dimthigh sí. Tá bearrach deas agam nach mblasfadh feórthain
'S nach n-íosfadh dórnan sen choirce bhán
'S mur bhfuigheadh sí ach baraille de scaith na heorna
Go mblighfeadh sí stópa de'n bhainne 'b'fheárr.Ba mhaith í fein agus ba mhór a bainne
San am a ndeánfadh sin a t-eadradh mór
Go raibh cuig dheich ngalún aicí agus deich gcárta
de chlimirt sásta gan cic a thabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Chonaill
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Bean Uí Chonaill
- Nellie Bheag (ainm áitiúil)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall