Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 104
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- i gcomhnuidhe ag margadh nuair a dhíoltar beath ar bith bhéir an té a dhíolas é "luck's penny" arais do as an airgead, tuairim as cúíg sgilling no mar sin.
Nuair a bhíos an margadh críochnuighthe buaileann an fear a dhíolas an beath agus an fear a cheannuigeas é dhá lámh ar a chéile agus annsin bíonn an margadh críochnuighthe.
Cuirtear marc de dhath ar bith ar na caoraigh ach ceangaltar corda de ruball chuid de na h-eallaigh agus cuid eile gearrtas marc sa'n fhiomadh le sciosear no ins na cluasa le sciosar.
Bó ar bith no beath ar bith a mbíonn adhastar air tugtar an t-adhastar do te a cheannuigheas an beath.
Seo iad na h-aontaighe is mó le radh san bhliain. Aonach Bhaile na Finne san Fhoghmhar, Aonach na nGleanntach sa Fhoghmhar, Aonach na Brocaigh ar an 25 lá de Lughnasach agus Aonach an Clocháin Liath ar an 4 lá de Mheitheamh.Micheal Mac Daid Mín an Arbhair
Béal an Átha Mhóir
Leithbhearr.
Co. Dhún na nGall.- Bailitheoir
- Micheal Mac Daid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall