Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 80
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra.
2. Labhair leo focal no dhó mar dtagadh leat tar leo.
3. Is minic a bheadh cú mall sonach.
4. Malluigh Dia an deifre, agus tá an diabhal i gcomhnuidhe ar an triall fhada.
5. Éist le tuam na h-abhna agus mothuighidh tú breac.
6. Cuir do mhaith ar do bhoin agus ní chuirfidh do ualach i neabar thú.
7. Sgéal a rún é a chluineas triúr é.
8. Nár tógaidh an t-iolar dó bhó agus nar théigh do chearc i n-eabar go deo.
9. Is ionann faoileóg ón tráigh agus báilighe ón t-Siorruighim.
10. Is fearr fear beo na triúr marbh.
11. Is minic a thig gar an duine bhoidht (?) i gcasán an Righ.
12. Tá cead ag an chat amharc ar an righ ach thig leis an rígh é a chathadh.
13. Léas na poite é a ól aríst.
14. Is fearr uaighneas fada no droch chuideachta.
15. Ní mar a shíπtear a bhithear.
16. Le fada agus an pháighe gann, gan le fághail(leanann ar an chéad leathanach eile)