Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“In Ainm Iosa imthigh uaim”. arsa an bhaintreabhach, agus nuair a chualaidh an diabhal seo b’eígean do imtheacht.
Dubhairt Gráinne Oi leis na bhaintreabhaigh dul chuig an t-sagart go bh-feiceadh sí goidé a déarfhadh sé leithe. Chuaidh an bhaintreabhach chuig an t-sagart acht dubhairt seisean’ leithe nach dtiocfhadh leis rud ar bith a dheánadh duithe go dtí go scríobhadh sé chuig an pápa. Dubhairt sé leithe nuair a gheobhadh sé scéala o’n phápa go gcuirfeadh sé scéala chuicíse. Diarr sé uirthí dhul na bhaile agus a bheith ag deánadh breitheamhnas aithrighe go dtí go bhfuigheadh sé scéala arais o’n phápa.
Chuaidh sí na bhaile agus nuair a tháinig sí un toighe fuair sí a cuid páisti ag ithe amach as an scéala a thug Gráinne Oi dobhtha. Dubhairt an duine a ba sine aca gur dhubhairt Ghráinne Oi nach raibh sí le na láimh a chuir i chóir an scála, acht go dtabhairfheadh siad biadh duithe amach as. I gcionn cupla seachtmhain chuir an sagart scéala chuicí theacht chuige. Nuair a chuaidh sí dinnis an sagart duithe, go bhfuair sé scéala o’n Phapa. “Ar cuala tú iomrádh ar loch Dearg” arsa an sagart. “Chualaidh” arsa sise. Dubhairt an papa nach raibh ann acht dóigh amháin le thú a sábail”. “Agus seo é. Caithfidh tú do chuid bróga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Cormaic
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall