Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhaint díoc agus a ghabhail go loch Dearg. Na codlaidh an darna h-oidhche i dteach ar bith agus na hith acht tragha bidh amháin ins na ceithre huaire ficheadh. Deán turas na g-cros seacht n-uaire ins an lá agus seacht n-uaire ins an oidhche. Na tabhair arán ar bith leat, na airgead na ór, acht iarr déirce in ainm Dé, agus nuair a thiocfas tú arais, innseochaidh mé an rud is fearr duit a dheánamh. Seo dhuit giota de’n chroich fhíor leis an diabhal a choinneal uait. Go anois in ainm Dé”.
Nuair a tháinig sí abhaile bhí Gráinne Ói ins an doras roimpi, agus diafruigh sí duithe caidé a dubhairt an sagart leithe. Dinnis an bhaintreabhach duithe achan rud a g-caithfeadh sí a dheánamh. “Gó comh túigh as thug leat” arsa Gráinne Oi, “agus bheárfhaidh mise aire do do chuid paistí go dtigidh tú arais.
Dimthigh an baintreabhach. Dfulaing sí tart, ocras, fuacht, agus cruaidteán acht rinne sí achan rud a dubhairt an Pápa. Tháinig sí arais in ndeireadh trí mhiósa agus fhobair nach n-aithneochadh a clann fhéin í, bhí sí go meaithte raithte sin.
Ní raibh i bhfad go dtáinig an sagart agus gur dhubhairt sé go g-caithfheadh sí dhul go barr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Cormaic
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall