Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 303
- XML “Cailleach na nAdharc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cailleach na nAdharcBhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é, bhí bean 'na cómhnuidhe i nGleann-na-mBuachall san áit abhfuil sean Tam anois agus bhí cleachtadh aici suidhe ag sníomhachán ibhfad isteach san oidhche. Oidhche Shatharn amháin shuidhe sí ibhfad indiaidh an Mheádhoin Oidhche. Buaileadh ar an dorus agus isteach le cailleach agus adharc ag fás amach i gclár a h-éadáin.
Ars bean na h-adhairce le bean-a-tighe: '"Cíor thusa an tslám sin, cur ar an choigil é; fágh thusa tuilleadh agus tug sin damhsa"'
Rinne bean-a-tíghe ámhlaidh agus shníomh an bheirt aca go ceann tamaill. Isteach le bean agus dhá adhairc uirthi.
'Ars bean a' dá adhairc le bean na h-adhairce, le bean-a-tíghe: "Cíor thusa an tslám sin, cur ar an choigil é, fágh thusa tuilleadh agus tug sin damhsa"'
D'oibir siad leóbhtha go dtainic bean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann