Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Scéal is Feárr dar h-Innseadh ariamh.Bhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Nuair a bhí Cú Chulainn ar an tsaoghal seo ba ghnáthach leis a dhul fhad le gabha a bhí ins an áit achan trathnóna go dtí go bhfuigheadh sé a chlaidheamh agus a thuagh géaraighíste. Fhad agus bhíodh an gabha ag cur béil ina gléasaraidhe troda dó bhíodh Cú Chulainn ag innse sgéaltai do'n ghabha. Bhí an fhuath ag Cú Chulainn ar mhnáibh agus lá ar bith a mbíodh bean an ghabhann ag éisteacht ní innsigheadh an gaiscidheach sgéal ar bith.
Trathnóna amháin ar sgór ar bith, ars Cú Chulainn: "Amárach innseochaidh mé sgéal duit a chuirfeas clár ar do chluais. Níor h-innsigheadh sgéal ariamh i mbaile nó in áit cosamhail leis, agus níor innis mé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann