Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 179
- XML “Cealgadh”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)III
Sean-focal agus é fior
A cualaidh mé ag mo mhuinntir romham
Nuair a bhristear ar an chruaich
Gur fursa í dén tsluag fághail.
IV
Is lom guala gan dearbhrathair
Ac theacht do na fir i láthair.
Is fann buille na haon láimhe
Is mairg a bhíos gan dearbhrathair. (gan teideal)
“Laethe lomaire loin: Siad sin na laethe diorannach de na Fuighligh.”
Laethe lomaire loin: Siad sin na laethe diorannach de na Fuighligh (Feabhra).
Laethe na riabhaigh: Na trí la dhiorannach den Mhárta. Deirtear go dtug an tAibreán na trí lá seo den Mhárta leis an bhó riabhach a fhannadh.
Sgairfidhe na cuaiche. Stoirm ná cuaice i mí na Bealtaine.
Oidhche Mic a Duail: Fear a bhí ann uair amháin a rabh triúr mac aige agus fág-adh buaidh ortha go mbeadh gaoth-mhor ann nuair a gheobhadh siad bás, agus anois nuair a thigeas oidhche gaoithe móire deirtear go bhfuil sé comh holc le oidhche Mhic a Duail.- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Tuathlann
- Inscne
- Fireann