Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Feargamhain Cruim.
Lá amháin nuair a bhí Fionn agus na Fianna na gcomnaidhe i nGleann na [Smho]? Smaointigh Fionn gur bfearr dobhtha a dhul go Gleann Fada na Sealg. Nuair a tháinig an oidhche ortha bhí siad ag loc Finne agus tug siad a naghaidh síos ar Gleann Léithin. Chonnaic siad solas agus tharraing siad air. Bhí bochogh deanta ins an tsliabh agus bhí fear na chomhnaidhe ann darbh ainm Léichin. Bhí mac agus ninghean aige. Feargamhain an t-ainm a bhí ar an mhac agus Fionghiolla ar an ingean. Dubhairt Fíonn go rabh ocras ortha acht dubhairt Leichin nach rabh feóil ar bith acha acht nuair a thiocfadh breacadh an lae go gcuirfeadh sé an gasur leobhtha go dtí áit a rabh tarbh mire. Dubhairt Fionn go rabh sin go maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall