Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 253
- XML “Nóra Chríonna - Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)III
Tá sé ar shiubhal agus slan leis.
Tá dúil agam gur bé an t-adh é.
Pósfaid Nóra Seanain Mór na Rosa.
Is cuma liom ca háit i dteachaidh sé
Níl ann acht fear gan siamsa.
IV
Chonnaic Nóra an lá ag bánugadh
Ar bfururt dí fear a fhághail.
Tháinig siad as achan chearn
Le grádh ar Nóra Chriona.
Acht ba doiligh Nóra a shásughadh.
V
Acht da mbeadh sí óg arís.
Bheadh fhios aici caide le deanamh.
Ghreas glachadh sé an lá nuair gheobhadh sí an seans.
No bheadh fhios aici nach mairfeadh
An t-am maith i dolamh.
VI
Shuidhe sí sios le cúl buidhe craobhach
Is gur cheol sí amhran feadmamhail
Gur bhocht an dlighe a bhí sa tír
Da bfágadh siad ar aghaid leis.
Nóra Críona léite fein ar bruach na Fhinie- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gallchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Tulaigh na gCloigeann, Co. Dhún na nGall