Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róis Ní Bhraonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 13
- XML “Iomarbháigh na Sealg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá dá rabh Padraic i nDún
Agus gan sún ar a chúl ach gul.
Chonnaic sé toigh Oisín Mic Fhinn
Is leisean féin ba bhinn an ceol
Innis dúinn a mich an ríogh
Oisín caoin na ngríomh garg
Chan fíor agus na déan go
Caidé mar buaidheadh leibh an sealg
Ní cannamháin na bFianna go
Bréag ariamh níor samhladh leo.
Ach le firinne agus neart ar lámh
Tigeann muid slán as gach gleo.
Innseocaidh mé duirse a chleírín Fhinn
A Phadraic na Sailm-Sáimh.
Cáide mar rinne án óigh-bhean le Fionn
Agus gan aon fhear de na Fiannaibh le fághail.
Leig sin a mheasraidheacht daoith
Sean athair críon atá gan céill
Bual d’uct agus deoirt dó dheor.
Agus geíll dó’n té atá ós dó chionn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padraig Ua Baoghail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chlasaigh, Co. Dhún na nGall