Scoil: Béal an Átha Móir (uimhir rolla 10105)
- Suíomh:
- Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mícheal Ó Gallchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1052, Leathanach 191](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1052%2FCBES_1052_191.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1052, Leathanach 191
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a shon.
Ar sgor ar bith fuair sé an tae agus d’imthigh sé leis na braoighne. Ag dul annsin dó fuair sé na daoine beaga uilig ag imtheacht a’ mharcuidheacht. D’iarr siad ar Mhaghnus a dhul leobhtha acht dubhairt seisean nach rabh beathach ar bith aige.
“Ní bhéidh mise i bhfad ag faghail beithidhigh duit” arsa duine acu, agus rug sé ar bhuachallán buidhe, rinn beathach bréag do Mhaghnus, agus d’imthigh siad leobhtha ag marcuidheacht ‘san aer.
I gcionn tamaill chonnaic Maghnus baile-mór faoi agus d’fhiafruigh sé de a chomráduidhe cé’n baile mór sin agus dubhairt seisean gurbh é sin an Spáinn. “Chualaidh mé iomradh go minic ar sioda na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Finne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádruig O Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall