Scoil: Béal an Átha Móir (uimhir rolla 10105)
- Suíomh:
- Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mícheal Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí an- iongantas air nuair a chonnaic sé Liam ‘sa bhaile arais arís. Dubhairt an tighearna annsin go gcuirfeadh sé obair roimhe Liam agus ba é seo an obair, an bráithlín a bhí faoi’n tighearna agus a mhnaoi a bheith gaibhte aige ar maidín lá thar na bhárach. Tráthnóna an lae sin chuaidh Liam go dtí sean-roilig agus thóg sé corp mná a bhí curtha cupla lá.
Thug sé leis an corp agus chuaidh sé go teach an tighearna leis an oidhche sin. Thóg sé an fhuinneóg agus chaith sé isteach an corp. Bhí an tighearna cinnte gurb é Liam a tháinig isteach ar an fuinneóig agus sgaoil sé leis.
Annsin d’éirigh an tighearna agus thug leis an corp agus chuir sé amuigh ‘san gharraidhe é. Chuaidh Liam isteach nuair a chuaidh an tighearna amach. Sgannruigh bean-an toighe agus d’fág sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Finne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Uí Ghuill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann na mBuachaill, Co. Dhún na nGall