Scoil: Edenfinfreagh (uimhir rolla 8901)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conn Mac Diarmada
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Edenfinfreagh
- XML Leathanach 005
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ins an áit seo fad ó agus Aodh Mac An Bháird do b'ainm dó. Fear láidir, sgafánta a bhí ann, agus deirtear gur iomadh rud a tháinig sé fríd ariamh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)deanamh aige ach a dhul isteach ann agus go mbéadh sé sábhailte. Ach sin an cheist, an mbéadh se ag an phíopa sul a bhfuigheadh an tarbh fhad leis. Bhí rása maith ag Aodh, ach má bhí fhéin bhí an tarbh ag éirgh níos cómhgaraige agus níos cómhgaraige dó achan bhomaite agus achan bhúirthe aige a bhí ag baint mac-atha as na cnuic. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Fuair Aodh fhad le béal an phíopa, agus bhí an tarbh le na sálaibh. CHuaidh Aodh isteach 'san phíopa, agus lúthghair air go rabh sé thalamh shábhailte. Ní thiocfadh leis an tarbh a dhul isteach ann, mar bhí an "píopa" ró-bheag, agus ritheadh sé ó'n cheann thuas go dtí'n ceann thíos ag amharc isteach ar Aodh, agus é ag búirfidhe go millteanach. D'fhan an tarbh ag an "phíopa" agus gan cuma ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conn Mac Diarmada
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Diarmada
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall