Scoil: An Ceann Garbh (uimhir rolla 13954)
- Suíomh:
- An Cionn Garbh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Maighréad Nic an Bhriathartaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ceann Garbh
- XML Leathanach 358
- XML “Scéal Fíor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Fíor
“Am amháin bhí bean 'na luighe agus í iongantach tinn. Cuireadh fa choinne an t-sagairt acht bhí sí marbh nuair a thainig sé.”
Am amháin bhí bean 'na luighe agus í iongantach tinn. Cuireadh fa choinne an t-sagairt acht bhí sí marbh nuair a thainic sé. Chuaidh an sagart ag rádh urrnuighe do'n anam annsin mar bhí sé ro mhall le dadaidh eile a dheánamh. Ní raibh sé i bhfad 'na sheasamh ag an leabaidh a raibh an corp uirthí nuair a shócruigh sé an anal ag teacht arais ag an té a bhí indiaidh bás d'fágháil sul a dtainig sé. Bhí iongantas níos mó air nuair a labhair an bhean agus dubhairt sí go bhfuair sí cead theacht arais go ndeánadh sí siothchan le Dia.
Déist an sagairt í agus thug sé na sácramuintí deireacnna dí. Nuair a bhí sin deánta aige d'fiafruigh sé dí caidé a shábhail í,
ná caidé a rinne sí 'na saoghal a fuair cead sí theacht arais o'n t-saoghal eile. Dubhairt sí leis gur b'é urrnuighe na leaptha a shábháil í, sin urrnughe a deireadh sí i gcomhnuidhe nuair a théigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire T. Nic Dáibhaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Chomairce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Inghean Níc Dáibhid
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55