Scoil: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson) (uimhir rolla 15283)

Suíomh:
Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Nábla Nic Amhlaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson)
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Gréasaí Bróg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gréasaidhe bróg a bhí ann agus bhí sé in-a chomhnuidhe leis fhéin. Nuair a tháinig an t-am dó bhuail sé suas le h-óigmhnaoi agus phós sí é. Má rinne céad i dtiomaite dó (taobh amuigh de) (seachas é). Bhí cuma air go raibh sé h-iongantach sásta le n-a mhargadh. I gcionn cupla bliadhain bhuail breóidhteacht a bhean. Chaith sé a sholathar saoghalta leithe acht ní raibh sí inléighis. Nuair a tháinig dubhlaidheacht an gheimhridh fuair sí bás. Rinneadh a faire agus a torramh agus h-adhlachadh í. Bhí cuma buadhartha ar an ghréasaidhe indeoin nár leig sé mórán air fhéin. Chaith sé seal mór fada annsin leis fhéin. Ar deireadh phós sé bean eile acht ní raibh sí sin i bhfad ag cur buadhartha air. Bhí sé in-a bhaintreabhaigh arís i ngearr-aimsire ach le sgéal fada a dhéanamh goirid phós sé an tríomhadh bhean. Chaith sé fhéin agus í saoghal mór fada i gcuideachta in-a chéile, acht tháinig bás uirthi-se fósta.
    Bhí triúr bean curtha aige agus nuair a bhí ní rabh sé gan a scéar de buaidhreadh an t-saoghal, an oidhche a cuireadh an tríomhadh bhean dar le fear muinteardha dó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nábla Nic Amhlaidhe
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall