Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac an ríogh a gnaithe dó fhear an toighe rinneadh siad féasta mór agus d'ith siad agus d'ól siad agus cheoil siad go rabh siad tuirseach. Lá-thar-na-bhárach pósadh mac an ríogh agus an cailín óg.
D'fhan an fear beag ribeach ruadh agus mac an ríogh sa teach seo go cionn míosa. Nuair a bhí an mhí thuas d'imthigh an fear beag ribeach ruadh agus mac an ríogh agus a bhean leo, ag tarraingt ar an bhaile. Ar a mbealach 'na bhaile bhí aca le dhul fríd an choillidh cheudna ar casadh an fear beag ribeach ruadh do mhac ríogh na hÉireann. Nuair a bhí siad i lár na coilleadh d'éaluigh an fear beag ribeach ruadh gan mhothughadh, agus d'fhág sé mac an ríogh agus a bhean.
Tamall 'na dhiaidh sin fuair mac an ríogh amach gurbh' é an fear ceudna a bhítear a chur san roilig, an lá a d'fhág seisean an baile ar thuairisg a mhná, a bhí ins an fhear beag ribeach ruadh.
A Críoch
Nodlaig 1935Ní mhillean déagh-glór fiacail 's ní bhíonn fiadhta ach duine dona (-sean rádh)- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall