Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)b'eigean do Aodh agus do Séamus snámh 'un na Cruite. Thoisigh Séamus a thabhairt suas ar a' bhealach agus d'iomchair Aodh ar a dhruim go talamh é
Bhí baicle siaghdiúr thoir fa Chaisleán na dTuath agus bhí an captaoin Cuinneagain ina cheannphort ortha. Mhionnaigh Séamus nachbhfuigheadh sé bás a choidhche go mbeadh cúiteamh as na Sasanaigh aige ar mharbhadh a mháthara. Níor stad Aodh agus Séamus go raibh siad thoir i gCoc na dTuath dúil go bhfuigeadh siad cúiteamh a bhaint amach.
Lá amháin chonnaic siad an captaoin agus an giomanach ag gabhail síos an tráigh ag tarraingt ar na hÁirde ar dhruim beathach. Lean siad iad. Bhí dhá bhealach aca le pilleadh agus ní raibh a fhios aca cé aca de'n dá bhealach bheadh leobhtha teacht arais daobhtha. Leis an rud a dheánamh cinnte chuaidh Aodh bealach amháin agus chuaidh Séamus an bealach eile. Thárlaigh sé gur phill an captaoin agus an giománach ar an bhealach a raibh Aodh Bán air. Scaoil Aodh leis an chaptaoin agus mharbhuigh sé é fhéin agus an beathach. Bhí eagla air annsin go ndeánfadh an giománach scéala air agus cheangail sé a chosa agus a lámha da chéile agus d'fhág annsin é. Nuair a chualaidh Séamus tuaragan na n-urchar tharraing(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Rabartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall