Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Donn; "bíodh aicí. Bhí muid beo sul a bhfaca muid ariamh í agus béidh muid beo aois gan í fosta."
"Sé ach go bé í goidé mar rachadh an lá eadar Goll agus an t-Amadán Mór," arsa Fionn.
Rinne siad dearmad dithe ar feadh tamaill agus sa deireadh bhí siad mar nach bhfuigheadh siad ariamh í. Bhí siad a' seilg mar ba ghnáthach leo agus sa deireadh thug siad fa dear gach oidhche go dtigeadh ceann no do no ní ba mhó de na madaidh isteach agus cluas no ruball na ball eile i n-aice leo. Ní thiocfadh leo smaoitiú goidé a bhí san tsliabh a dheánamh slaid ar an chonairt.
Dar leo fhéin sa deireadh go gcruinneochaidh siad i n-iomlaine 'un tsléibhe go bfeiceadh siad goidé bhí cearr. Seal gearr daobhtha go bhfacaidh siad an t-arrachtach chuca aniar a sliabh. Fear iargculta scáthmhar a bhí ann gan bhréig. Ní raibh a'n ruain éadaigh air da raibh ariamh ar cholainn daonda; b'fhada no colg a dhéadh agus bhí sé as méid gach fir.
Níor luaithe chonnaic na gadhair é no d'aithin siad é agus thoisigh an ghrúsachtach agus longadán aca agus an teannadh ar na sreangacha ag iarraidh cead a gcinn a leigin leo. "B'feiceann tú an díbirce atá ar na madaidh fa n-a choinne," arsa Goll(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall