Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 13
- XML “Gruagach na gCleas”
- XML “Scian go mBuaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’imthigh an lach ar eiteoga. Fuair siad an Gruagach agus é dall mharbhuigh siad é. Thug siad leobhtha Gráinne annsin agus na málaí airgid a bhí ag an Gruagach agus chuaidh siad ‘na bhaile. Pósadh Donnmhach an Dubhfhraoich agus Gráinne agus bhí a sáith airgid aca go dtí lá a mbáis.
Nodlaig 1934Seán Ó Dubhgain as Loch Cathair a d’innis an scéal seo. - Scian go mBuaidh
Lá amháin bhí na Fianna ag seilg i nGleann Fada na Sealg agus ba ghnáthach le scian a bheith aca fa choinne gearradh na feola ar bh’ainm díthe Scian go mBuaidh, agus chaill siad an scian ins an chnoc an lá seo. Phill siad ‘na bhaile agus iad iongantach buadhartha fá’n scein.
Leag siad amach go gcuirfeadh siad duine a chuartughadh na [sceine] scine. Cuireadh amach Conán Maol ag dul ó sholus do leis an scian a chuartu an chead trian den oidhche. Nuair a bhí train na hoidhche caithte thainic Conán isteach folamh. Cuireadh amach Diarmad Ó Duibhne an dara train agus thainic seisean isteach folamh fosta. Cuireadh amach Goll Mac Móirne an tríomhadh train. Chuartaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgain
- Inscne
- Fireann